Chuaigh mé ar scoil ar maidin. Bhí sceitimíní orm mar bhí mé ag bácáil brioscaí. Bhí mé ag bácáil sa seomra foirne.

Thóg mé im isteach sa scoil. Bhí mé ag bácáil in éineacht le Erinn, Sophie Dylan agus Brent ach nior tháinig Brent ar scoil. Thóg Erinn cócó, thóg Sophie sceallóga seacláide agus thóg dylan siúcra isteach sa scoil. Thóg Mamaí Brent plúr isteach sa scoil. Chuireamar im agus siúcra sa bhabhla. Chuireamar plúr agus cócó sa bhabhla freisin. Mheascamar an meascán. Ansin chuireamar sceallóga seacláide sa mheascán freisin. Ansin rinneamar liathróidí beaga. Tar éis tamaill chuireamar liathroidi beaga san oigheann. Bhí boladh blasta ag teacht as an oigheann. Ansin d’ith siad na brioscaí. Tá na brioscaí go hálainn. Ansin thosaigheamar ag glanadh suas.

 

le Jack Ó Pleameán

2 comments on “Rinneamar Brioscaí Seacláidí

  1. Ms.Bennett thanks for letting us make cookies with you

  2. kingsley on said:

    thanks for the cookies